| 'gCluin sibh mise 'bhuachaillí
|
| An méid agaibh 'tá libh féin
|
| Suígí thart fán tinidh anseo
|
| Go n-insí mé mo scéal
|
| Bhí buachaill ar a' bhaile seo
|
| 'Bhí súgach aerach suairc
|
| Agus tháinig sé 'dhénamh cleamhnais
|
| Le cailín a' tsléibhe ruaidh
|
| A spéirbhean álainn aigeantach
|
| Ba deise méin is clú
|
| Bí 'teacht liom féin le dúscadh 'n lae
|
| Go bpóstar mé 'gus tú
|
| Bí 'teacht liom féin amárach
|
| 'S ná bíodh ort brón ná gruaim
|
| Is cuirfidh mé gúna síoda ort
|
| A chailín a' tsléibhe ruaidh
|
| Níorbh fhios don streabhóg ghiodalaigh
|
| Cad é ba chóir di 'rá
|
| Ach a' dealramh 'bhí ina súile
|
| Den oíche go ndéanfadh lá
|
| A rún mo chroí 'nois díbir thusa
|
| Mearadh 'n ghrá seo uait
|
| Nó is rún liom fanacht díomhain seal
|
| Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh
|
| A mhaidhdean mhaiseach mharánta
|
| Cad é seo 'tá tú 'rá
|
| Dearc síos a' gleann faoi bhuach na mbeann
|
| Is breathnaigh mo chuid barr
|
| Tá togha na bhfear 'sna mbeathach agam
|
| Ag obair ann go cruaidh
|
| 'S tá stór is maoin go leor agam
|
| Do chailín a' tsléibhe ruaidh
|
| Má tá stór is maoin go leor agat
|
| Ní domhsa is fearrde é
|
| Nó deirtear liom go n-ólfá thusa
|
| Maoin a' tsaoil go léir
|
| 'Do shuí suas 'dtigh an óstaí
|
| 'Do dhrabhlás bhocht gan chéill
|
| Ar feadh na hoích' ag ól 's a' gabháil
|
| 'Na bhaile le bánú 'n lae
|
| Más fear mé 'tá 'g ól, a chailín chóir
|
| Ní ólaim ach mo chuid féin
|
| Chan tú 'tá 'g íoc ar son na dí
|
| Níl agat pingin mar spré
|
| Is anois ná síl go bhfuil mo chroí
|
| Bocht briste de do chumhaidh
|
| Nó fágaim thú mar fuair mé thú
|
| Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh |