| Ó éirigí suas a thogha na bhfear
|
| Is cuirigí píce ar bharr gach cléith
|
| Leagaigí síos iad lucht an droch-chroí
|
| Agus cuirigí dlí na Fraince ar bun
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
|
| Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach

| Tá jug ar an bhord is tá beoir ag teacht
|
| Tá arm go leor ag an Duke of York
|
| Tá an Francach is an Spáinneach ar bhruach na trá
|
| Agus b’fhearr liom go mór é ná cómhra ban
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
|
| Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Ó shuigh mise síos 's mo mhian le m’ais
|
| Ag ól mo cháirt dí mar dheanfad fear
|
| Sé dúirt bean a' tí den chomhrá mhín
|
| Gan airigead síos bí gabháil amach
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
|
| Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Ó tharraing mé aníos mo phíosa brac
|
| Nach mairg a bhíos gan é, mo chreach
|
| Do labhair sí arís go carthannach caoin
|
| Nach súifidh tú síos tá siamsa ar fad ort
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
|
| Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag
|
| In aois mo dhá bhliain sular smaoinigh mé ar olc
|
| Nach ndeachaigh mé ar bord nó in arm an Rí
|
| Sular chaith mé mo shaol ag dul timpeall ort
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
|
| Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Go mbristear mo dhroim faoin ualach seo
|
| Ma thigim arís ag cur buartha ort
|
| Is a mhéad bean óg as seo go hAbhainn Mhór
|
| A shiúlfadh an ród is a d'ólfadh deoch
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
|
| Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
|
| Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
|
| Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort? |